Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

An Clár don Eoraip Dhigiteach

Is clár maoiniúcháin de chuid an Aontais é an Clár don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL) atá dírithe ar theicneolaíocht dhigiteach a thabhairt do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus do riaracháin phoiblí.

Tá ról ríthábhachtach ag an teicneolaíochtdhigiteach agus ag an mbonneagar digiteach inár saol príobháideach agus inár dtimpeallachtaí gnó. Bímid ag brath orthu chun cumarsáid a dhéanamh, obair a dhéanamh, eolaíocht a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna comhshaoil atá ann faoi láthair. Le linn phaindéim COVID-19, léiríodh ní hamháin an méid atá ag brath ar ár dteicneolaíocht a bheith ar fáil dúinn, ach a thábhachtaí atá sé nach mbeadh an Eoraip ag brath ar chórais agus ar réitigh a thagann ó réigiúin eile den domhan. Le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, nochtadh a thuilleadh na leochaileachtaí inár slabhraí soláthair digiteacha agus a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh sa chibearshlándáil agus feabhas mór a chur ar acmhainneachtaí digiteacha an Aontais.  

Cuireannan Clár don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL) maoiniú straitéiseach ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ag tacú le tionscadail i bpríomhréimsí acmhainneachta amhail: an tsár-ríomhaireacht, an intleacht shaorga, an chibearshlándáil, ardscileanna digiteacha, agus a áirithiú go mbainfear úsáid fhorleathan as teicneolaíochtaí digiteacha ar fud an gheilleagair agus na sochaí. Tacaíonn sé leis an tionsclaíocht, le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus leis an riarachán poiblí agus iad i mbun claochlú digiteach trí líonra treisithe de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha (EDIH).

Cuireadh limistéar nua acmhainneachta maidir le leathsheoltóirí isteach i mí Mheán Fómhair 2023. FaoinIonstraim umShliseanna,rinneadh cistiú DIGITAL a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas leathsheoltóirí trí fhothú acmhainneachta a chur chun cinn tríd an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip.

Le buiséad foriomlán os cionn EUR 7.9 billiún, tá sé d’aidhm ag DIGITAL claochlú digiteach shochaí agus gheilleagar na hEorpa a mhúnlú, i gcomhréir le spriocanna an Aontais a shainítear sa Teachtaireacht — Compás Digiteach 2030: An bealach Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití agus sa Chlár Beartais — Conair i dtreo na Deacáide Digití.

Ní thugann an Clár don Eoraip Dhigiteach aghaidh ar dhúshláin ina n-aonar. Comhlánaíonn sé an cistiú atá ar fáil trí chláir eile de chuid an Aontais, amhail Fís Eorpach (le haghaidh taighde agus nuálaíochta) agus antSaoráid um Chónascadhna hEorpa (le haghaidh bonneagar digiteach), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus na Cistí Struchtúracha, gan ach beagán a lua. Is cuid de bhuiséad fadtéarmach an Aontais é, anCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027.

Tuilleadh eolais faoi conas maoiniú a fháil.

Liostáil leis an nuacht is déanaí ar an ábhar seo agus tuilleadh

An Nuacht is Déanaí

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach seolta ag an gCoimisiún

Inniu, sheol an Coimisiún comhairliúchán oscailte 12 sheachtain le páirtithe leasmhara maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL).

DIGIBYTE |
Tá an Eoraip tiomanta do nuálaíocht leathsheoltóirí le saoráidí nua tástála

Inniu, roghnaigh Bord Údarás Poiblí an Chomhghnóthais um Shliseanna na cuibhreannais a chuirfidh ceithre líne phíolótacha chun feidhme le haghaidh teicneolaíocht leathsheoltóra. Is céim mhór é i gcur chun feidhme na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna, go háirithe dá Tionscnamh Sliseanna don Eoraip.

Ábhar Gaolmhar

An Pictiúr Mór

Cistiú don Digitiú i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027

The EU’s long-term EU budget, also known as the multiannual financial framework, will boost digital technologies and aid in recovery from the pandemic.

Léargas níos doimhne

An Tionscnamh um Ríomh-Chartlannú

Cuireann an Tionscnamh um Ríomh-Chartlannú príomhshonraíochtaí, bogearraí, oiliúint agus eolas ar fáil chun cabhrú le daoine faisnéis a stóráil ar feadh tréimhse níos faide.

An Clár DIGITAL Europe — Cláir Oibre

Tugtar tuairisc sna cláir oibre ar chuspóirí foriomlána, raon feidhme, torthaí agus spriocanna insoláthartha chomh maith le leithdháiltí buiséid le haghaidh gach topaice. Ar an leathanach gréasáin seo, gheobhaidh tú doiciméid agus leasuithe ábhartha do na cláir oibre a luaithe a...

Scileanna sa chlár DIGITAL Europe

Leis an gclár DIGITAL Europe, maoineofar cláir agus tréimhsí oiliúna speisialaithe a dhearadh agus a sholáthar do shaineolaithe amach anseo i bpríomhréimsí acmhainneachta amhail sonraí agus an intleacht shaorga, an chibearshlándáil, candam agus an ríomhaireacht ardfheidhmíochta.

An tsár-ríomhaireacht sa chlár DIGITAL Europe

Is é is aidhm don chlár DIGITAL Europe acmhainní sár-ríomhaireachta agus próiseála sonraí an Aontais a fhorbairt agus a neartú, rud a chuideoidh linn sár-ríomhaireacht eacsascálaithe a bhaint amach — ríomhaireacht a bhfuil cumhacht aici atá inchomparáide le cumais ríomhaireachta...

Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha

Is ionaid ilfhreastail iad na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha (EDIHanna) a thacaíonn le cuideachtaí agus le heagraíochtaí san earnáil phoiblí freagairt do dhúshláin dhigiteacha agus a bheith níos iomaíche.

Féach freisin

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa — SCE Digiteach

Tacóidh an chuid dhigiteach den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE Digiteach) le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon i mbonneagair nascachta digití idir 2021 agus 2027 agus spreagfaidh sí iad.

Ábhar Gaolmhar

OSZAR »