An bealach leagtha amach ag an gCoimisiún maidir le ceannaireacht IS na hEorpa le Plean Gníomhaíochta uaillmhianach um Mór-Roinn na hIntleachta Saorga

GettyImages © Khanchit Khirisutchalual
Is é cuspóir an Phlean Gníomhaíochta um Mór-Roinn na hIntleachta Saorga a seoladh inniu ceannaire domhanda san intleacht shaorga (IS) a dhéanamh den Eoraip. De réir mar a leag an tUachtarán von der Leyen amach ag an gCruinniú Mullaigh maidir le Gníomhaíocht IS i mí Feabhra 2025 i bPáras, tá sé beartaithe leis an tionscnamh uaillmhianach seo tionscail thraidisiúnta láidre na hEorpa agus a linn tallainne iontach a thiontú ina n-innill chumhachtacha lena spreagfar nuálaíocht agus luasghéarú IS.