Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

An Clár don Eoraip Dhigiteach ar oscailt don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin

Shínigh an Coimisiún Eorpach comhaontú comhlachais don Chlár don Eoraip Dhigiteach leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin.

Digital Europe Programme

Ar an gcéad dul síos, síneoidh Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach, an comhaontú, agus go gairid ina dhiaidh sin síneoidh Edin Forto, Aire Cumarsáide agus Tráchta na Boisnia agus na Heirseagaivéine é. Tar éis na sínithe, agus ar thabhairt chun críche na bpróiseas daingniúcháin gaolmhar, tiocfaidh an comhaontú comhlachais i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. Beidh gnólachtaí, riaracháin phoiblí agus eagraíochtaí incháilithe eile sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin in ann iarratas a dhéanamh ar ghlaonna oscailte an Chláir don Eoraip Dhigiteach, clár a bhfuil buiséad foriomlán €7.5 billiún aige sa tréimhse 2021-2027.  

Beidh rannpháirtithe ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin in ann páirt a ghlacadh i dtionscadail lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí digiteacha ar fud an Aontais i réimsí sonracha amhail an intleacht shaorga agus ardscileanna digiteacha. Beidh siad in ann Moil Nuálaíochta Digití a bhunú sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin freisin.  

Tabharfaidh sé sin an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin níos gaire do gheilleagar agus do shochaí an Aontais, rachaidh sé chun tairbhe a gcumas teicneolaíochta agus tacóidh sé leis an digitiú ar an iomlán, go háirithe i gcás gnólachtaí beaga agus meánmhéide. Tá a chomhlachas leis an gClár don Eoraip Dhigiteach ar tí cur go fóinteach leis na spriocanna comhroinnte, na luachanna comhroinnte agus na naisc láidre idir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an tAontas Eorpach i réimse na dteicneolaíochtaí digiteacha. 

Comhlánóidh cistí an Chláir don Eoraip Dhigiteach an cistiú atá ar fáil don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin trí chláir eile de chuid an Aontais amhail Fís Eorpach. Tá na cuspóirí agus na réimsí topaicí sonracha atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi láthair mionsonraithe sna Cláir Oibre . 

 

OSZAR »